Tá fianáin ag teastáil ó roinnt gnéithe chun go n-oibreoidh siad i gceart. Ina theannta sin, ligeann fianáin dúinn (a) cuimhneamh ar do chuid roghanna, (b) staitisticí úsáide anaithnide a bhailiú, agus (c) aon fhógraí ar líne le haghaidh nuigalway.ie a bhainistiú.
Ní stóráiltear aon sonraí pearsanta ar na fianáin seo ach, faoi dhlí AE, caithfimid an cheist seo a chur ort gach 6 mhí. Chun níos mó a fhoghlaim faoin Úsáid a bhainimid as fianáin, féach ar ár bPolasaí Príobháideachais.
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Chun tuiscint a fháil ar dhomhan an lae inniu ní mór tuiscint a fháil ar an am a caitheadh. Mar mhac léinn sa Stair in OÉ Gaillimh, déanfaidh tú iniúchadh ar an am a caitheadh go háitiúil agus ar fud an domhain, ag díriú ar stair na hÉireann, na Breataine, na Mór-Roinne, Mheiriceá Thuaidh, na hAstraláise agus na hAfraice. Déanfaidh tú staidéar ar réimse leathan téamaí cosúil le náisiúntacht, coilíneacht, sclábhaíocht, óige, inscne agus cogadh; agus go leor tréimhsí ama éagsúla, ó na Meán-Aoiseanna go dtí deireadh an fhichiú haois. Mar mhac léinn sa Stair, foghlaimeoidh tú faoin méid a tharla san am a caitheadh, ach ní hé an méid sin amháin, beidh tú oilte freisin ar na teicnící atá luachmhar in go leor bealaí gairme. Foghlaimeoidh tú faoi eolas a lorg i leabharlanna, i gcartlanna agus ar an idirlíon, an chaoi cruinneas éilimh a thástáil i gcoinne na fianaise atá ar fáil, agus an chaoi argóint chomhleanúnach a chur le chéile agus é a chur in iúl go héifeachtach - scileanna atá riachtanach in aon phost.
Naisc Idirnáisiúnta: Idir an dara bliain agus an bhliain deiridh, d'fhéadfá staidéar a dhéanamh ar Stair ar chlár malairte in ollscoil san Eoraip nó i Meiriceá Thuaidh, mar shampla in Strasbourg, Leiden, Mainz agus Strathclyde. Múintear cuid mhaith de na cláir seo trí Bhéarla. Is deis iontach í an bhliain thar lear le teanga nua a fhoghlaim nó inniúlacht teanga atá agat cheana féin a fhorbairt. Tugann sé an deis do mhic léinn chomh maith taithí a fháil ar thimpeallachtaí sóisialta, cultúrtha agus acadúla éagsúla.
Deiseanna Gairme: Tá an-luach ag na cineálacha scileanna taighde, scríbhneoireachta agus anailíse a bhainfidh tú amach mar mhac léinn le Stair san ionad oibre nua-aimseartha. Chuaigh ár gcéimithe le déanaí i mbun oibre i réimsí éagsúla, lena n-áirítear iriseoireacht, dlí, cartlanna, an tseirbhís phoiblí, riarachán ealaíon, foilsitheoireacht, teagasc, scríbhneoireacht óráidí agus comhairliúchán bainistíochta.
Teistiméireachtaí ó mhac léinn: 'Scríobhaim chuile lá faoi gach saghas ábhair ó dhúnmharú go cluichí rugbaí, ach is é an cumas cartlannaithe, scríbhneoireachta, léirmhínithe agus achoimre a dhéanamh ar fhíricí, na scileanna go léir a fuair mé an chéad uair in OÉ Gaillimh sa Stair, a sheasann dom agus tá súil agam go gcuireann said mo ghairmiúlacht chun cinn.’ Luke Henderson, Iriseoir, An Páipéar Nuachta Sligo Weekender
'B’iontach an taithí a bheith ag staidéar ar an stair in OÉ Gaillimh. Chuir an raon leathan cúrsaí bunús maith ar fáil i dtréimhsí éagsúla, agus thug sé deis dom speisialtóireacht a dhéanamh i réimsí a raibh suim ar leith agam iontu go háirithe caidreamh idirnáisiúnta, forbairt agus staidéar inscne.' Aibhlín O’Leary, BA
Oibríonn an fhoireann agus mic léinn as lámha a chéile sa Chumann Staire, an cumann a bhuaigh duais don obair chultúrtha is mó ag Gradaim na gCumann in OÉ Gaillimh in 2015/16.
Tvuíteanna ó Roinn na Staire in Ollscoil na Gaillimhe
Tá fianáin ag teastáil ó roinnt gnéithe chun go n-oibreoidh siad i gceart. Ina theannta sin, ligeann fianáin dúinn (a) cuimhneamh ar do chuid roghanna, (b) staitisticí úsáide anaithnide a bhailiú, agus (c) aon fhógraí ar líne le haghaidh nuigalway.ie a bhainistiú.
Ní stóráiltear aon sonraí pearsanta ar na fianáin seo ach, faoi dhlí AE, caithfimid an cheist seo a chur ort gach 6 mhí. Chun níos mó a fhoghlaim faoin Úsáid a bhainimid as fianáin, féach ar ár bPolasaí Príobháideachais.