-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
September Orla Ní Fhinneadha ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag Ollscoil na Gaillimhe
Orla Ní Fhinneadha ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag Ollscoil na Gaillimhe
Wednesday, 24 September 2025
Tá Orla Ní Fhinneadha ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis ag Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe. Creidiúint: Seán Ó Mainnín
Is cúis mhór áthais é d’Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe, a fhógairt go bhfuil Orla Ní Fhinneadha ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis san ollscoil i mbliana.
Is buaiteoir Chorn na mBán faoi láthair í Orla agus tá sí ag gabháil don amhránaíocht ó thosnaigh sí ag freastal ar ranganna sean-nóis le Máire Pheitir Uí Dhroighneáin agus sí ar bhunscoil. Bhí an-tionchar ag Máire uirthi chomh maith le hathair Orla féin, Jimi Ó Fhinneadha.
Is as an gCloich Mhór, Baile na hAbhann d’Orla, agus tá leir mór duiseanna bainte amach aici. Tá sí an-bhródúil as an 3ú hait a bhaint amach i gCorn Uí Riada ag an Oireachtas in 2016. Chomh maith le sin bhuaigh Orla Fleadh Cheoil na hÉireann cúpla uair nuair a bhí sí ina déagóir, bhuaigh sí an Comórtas Amhránaíochta do Mhná faoi 35 ag an Oireachtas i 2012, agus tháinig sí sa dara háit i gCorn na mBan in 2014.
Tá an-éileamh ar Orla mar mhúinteoir sean-nóis. Léiríodh na scileanna seo go soiléir sna físeáin a cruthaíodh do Cúla 4 ar Scoil ina raibh sí ag múineadh amhrán le linn thréimhse Covid. Tá Orla an-bhródúil go bhfuil go leor páistí fós ag breathnú agus ag foghlaim ó na hamhráin áille a thaifead sí i rith an ama sin.
Agus an ceapachán á fhógairt aici, deir an Dr Nessa Cronin, Ceann Léann na hÉireann ag Ollscoil na Gaillimhe: “Is cúis áthais dúinn Orla Ní Fhinneadha a bheith linn in Ollscoil na Gaillimhe i mbliana. Is duine a bhfuil stór eolais aici atá in ann inspioráid a thabhairt don chéad ghlúin eile ar thraidisiún amhránaíochta an tsean-nóis, agus táimid ag tnúth go mór leis an bhliain atá amach romhainn agus Orla a bheith linne mar Amhránaí Cónaithe an tSean-nóis, 2025/26.”
Beidh sraith ceardlann á múineadh ag Orla san Ollscoil sa bhFómhar agus arís san Earrach. Cuirfear tús leis na ceardlanna i seomra seimineáir an Ionaid ar Bhóthar na Drioglainne ar an 16 Deireadh Fómhar ag 6.00in. Tá na ceardlanna saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách.
Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe, a mhaoiníonn an tionscnamh seo.
Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091 492051 nó samantha.williams@universityofgalway.ie.
Críoch
Keywords: Press.
Author: Margaíocht agus Cumarsáid , NUI Galway
« Back
Related news
24 September 2025
Orla Ní Fhinneadha appointed University of Galway Sean-Nós Singer-in-Residence
22 September 2025
University of Galway named European champion for student services
16 September 2025
University of Galway hosts exhibition of Press Photographers Ireland awards 2025
16 September 2025
Cead pleanála faighte ag Ollscoil na Gaillimhe d’Fhoirgneamh Scoil
16 September 2025
Planning approval for University of Galway School of Medicine Building