-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
March Gradaim Aitheantais Speisialta Gaeilge bronnta ar scoláirí na Sraithe Sóisearaí
Gradaim Aitheantais Speisialta Gaeilge bronnta ar scoláirí na Sraithe Sóisearaí
Tá Gradaim Aitheantais bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar scoláirí ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach i scrúduithe ardleibhéil Gaeilge na Sraithe Sóisearaí.
D’fhreastail os cionn 400 scoláire as 64 scoil i gCo. Dhún na nGall, Co. an Chláir, Co. Mhaigh Eo, Co. Liatroma, Co. Shligigh, Co. Ros Comáin agus Co. na Gaillimhe ar ócáid speisialta a reáchtáladh i Halla Bailey Allen, Ollscoil na Gaillimhe chun ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí a bhain siad amach.
Áirítear na scoláirí seo i measc an 8.3% de scoláirí na tíre ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach sa pháipéar ardleibhéil T2 Gaeilge go náisiúnta, nó an 8.8% de na scoláirí a bhain pas le gradam amach sa pháipéar ardleibhéil T1 Gaeilge sa tSraith Shóisearach in 2025.
Dúirt Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Becky Whay: “Is mór an onóir dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí a bhain na scoláirí eisceachtúla seo amach sna scrúduithe ardleibhéil Gaeilge sa tSraith Shóisearach anuraidh, agus na gradaim seo a bhronnadh orthu. Tá an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach dúinn anseo in Ollscoil na Gaillimhe agus tá muid thar a bheith bródúil as na daoine óga cumasacha seo atá inár dteannta ag an ócáid speisialta seo tráthnóna inniu.”
Chuir Caroline Ní Fhlatharta, Oifigeach Gaeilge na hOllscoile, fáilte mhór roimh na scoláirí, a gclanna agus a gcuid múinteoirí agus dúirt sí: “Tá sé iontach ar fad go bhfuil ar ár gcumas éachtaí na scoláirí eisceachtúla seo a cheiliúradh. Ba cheart go mbeidís an-bhródúil as an méid atá bainte amach acu agus go mbeidís airdeallach freisin faoi na deiseanna a bheidh acu a bhuíochas don Ghaeilge sna blianta rompu. Tugann sé ardú croí dúinn go bhfuil sárchumas sa nGaeilge ag an nglúin óg agus go gcinnteoidh siad gur ó neart go neart a thiocfaidh sí sna blianta romhainn. Comhghairdeas libh go léir.”
Aithnítear an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mbeidh pobail bhisiúla Ghaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht i gcéad straitéis Ghaeilge na hOllscoile, Straitéis na Gaeilge 2021-2025.
Tugadh aitheantas do na pobail sin ag an ócáid cheiliúrtha seo ceithre bliana as a chéile agus an Ollscoil ag déanamh cúraim don ról a chuir sí roimpi sa Straitéis, ó thaobh ceannasaíocht a thabhairt don ardoideachas i nGaeilge agus meas a léiriú ar lucht labhartha na Gaeilge.
Críoch







