-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
March Maoiniú bronnta ar Ollscoil na Gaillimhe chun STEM trí Ghaeilge a chur chun cinn
Maoiniú bronnta ar Ollscoil na Gaillimhe chun STEM trí Ghaeilge a chur chun cinn
Beidh Ollscoil na Gaillimhe ag tabhairt faoi thionscnamh náisiúnta a spreagfaidh daoine le spéis a chur in ábhair Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM), ar a dtugtar STEM go hidirnáisiúnta, trí Ghaeilge, agus a chothóidh deiseanna nua do phobail, scoileanna agus daoine gairmiúla.
Bhronn Taighde Éireann – Research Ireland €268,000 tríd an gClár Discover ar an tionscadal STEM as Gaeilge a mhairfidh ar feadh dhá bhliain.
Tá an maoiniú á chur ar fáil le clár náisiúnta cumarsáide eolaíochta, imeachtaí poiblí agus tionscnamh oideachais a eagrú trí Ghaeilge, a chuirfidh le feiceálacht STEM agus a neartóidh conairí oideachais agus gairmeacha STEM do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre.
Beidh na tionscnaimh á n-eagrú thar thréimhse dhá bhliain, agus beidh pobail na Gaeilge, daoine gairmiúla i réimse STEM, agus foghlaimeoirí ar fud na tíre páirteach iontu.
Seo a leanas cuid de na príomhthionscadail:
- Clár faisnéise a thabharfaidh léargas ar thaighde agus nuálaíocht STEM ar fud na hÉireann, léirithe i gcomhar le togra Science on Screen de chuid CÚRAM agus Ardán.
- Ceardlanna rannpháirtíochta digití agus litearthachta sonraí chun muinín a chothú i ndaoine le topaicí STEM a phlé agus a mhíniú i nGaeilge
- Leathnú ar scéim na dTimirí STEM as Gaeilge, ag nascadh taighdeoirí agus daoine gairmiúla le scoileanna agus pobail
- Imeachtaí STEM ar leith i gceantair Ghaeltachta
- Oícheanta Ólaíochta a eagrú in áiteanna nua ar fud na tíre
- Oiliúint speisialaithe a chuirfeadh leis an acmhainn go fadtéarmach i measc daoine gairmiúla atá ag obair i réimse STEM as Gaeilge
- Comórtas náisiúnta STEM do dhaltaí scoile
Tá sé mar aidhm ag na tionscnaimh seo ar fad le chéile an Ghaeilge a normalú i ndioscúrsa na heolaíochta agus cur le líon na ndaoine a bhíonn páirteach i STEM i bpobail ar fud na tíre.
Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Becky Whay, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe: “Tá Ollscoil na Gaillimhe bródúil as an stádas dátheangach atá aici, agus táimid ar bís faoin tionscadal seo. Cuirimid romhainn tacú leis an nGaeilge i ngach disciplín. Tá deis ar leith ag an Ollscoil seo, a bhfuil Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus campais Ghaeltachta ina gcuid di, le naisc a chothú leis na comhlachtaí bithleighis, fuinnimh in-athnuaite, srl. sa Ghaeltacht. Trí chumhacht a thabhairt do mhic léinn, do chomhaltaí foirne agus do phobail dul i ngleic leis an eolaíocht trí mheán na Gaeilge, táimid ag cuidiú le conairí foghlama, nuálaíochta agus rannpháirtíochta an phobail a neartú ar fud na tíre.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ceannaire an Tionscadail, an Dr Fintan Hegarty ó Scoil na nEolaíochtaí Matamaitice agus Staitistice san Ollscoil: “Is teanga bheo í an Ghaeilge, agus tá sé tábhachtach go n-úsáidfimid í chun plé a dhéanamh ní hamháin ar ár n-oidhreacht, ach ar na ceisteanna a mbeidh tionchar acu ar a bhfuil i ndán dúinn amach anseo chomh maith. Baineann STEM linn ar fad – ní gá ach smaoineamh ar an dul chun cinn i ngnóthaí leighis le linn na paindéime agus ar a bhfuil á fhorbairt maidir leis an intleacht shaorga, mar shampla. Is é an aidhm atá againn spásanna a chruthú inar féidir linn díospóireacht shuimiúil, bunaithe ar eolas, a bheith againn faoi STEM, agus dearmad a dhéanamh gur trí Ghaeilge atáimid á phlé.”
Críoch







