Slí Cois Abhann nua 5km oscailte ag an Ollscoil don tsláinte agus don fholláine

Mayor of the City of Galway, Councillor Mike Cubbard, and Des Ryan, Director of Sport and Physical Wellbeing at University of Galway, with students Conor Moran, Conor Lyall, Oisín Murray and Roland Surlis.Credit - Martina Regan
Mar 09 2026 Posted: 14:42 GMT

Tá “Slí Abhann” nua 5km seolta ag Ollscoil na Gaillimhe chun folláine choirp agus mheabhrach na mac léinn, na foirne agus an phobail i gcoitinne a fheabhsú.

Sheol Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, agus Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn, an tionscnamh mar chuid d’infheistíocht leanúnach na hOllscoile in áiseanna faoin aer, le tacaíocht mhaoinithe ó na cláir Cathracha Gníomhacha agus Gaillimh Shláintiúil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Tosaíonn an tSlí Cois Abhann atá marcáilte as an nua ar an gcampas ag Club Rámhaíochta Choláiste Iognáid agus ritheann sé feadh bhruach Abhainn na Gaillimhe, ag críochnú ag an bpáirc rugbaí ar Champas Spóirt an Daingin.

Baineann an tslí álainn cois abhann seo úsáid as an gcosán tarraingthe agus tá pointí ciliméadar marcáilte go soiléir ann chomh maith le léarscáileanna treorach chun tacú le coisithe, jagálaithe agus reathaithe de gach cumas.

Is cosán í an tSlí Cois Abhann a bhfuil tóir uirthi cheana féin ag grúpaí reatha agus pobail áitiúla agus spreagfaidh sé daoine ag gach leibhéal, ó choisithe go lúthchleasaithe agus iad siúd atá ag traenáil.

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard: "Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tacú le forbairt Shlí Cois Abhann, trínár gcláir Cathracha Gníomhacha agus Gaillimh Shláintiúil. Trí na cláir seo, tá súil againn gur cathair inar féidir le gach duine, beag beann ar aois nó ar chumas, taitneamh a bhaint as sláinte agus folláine choirp agus mheabhrach go hiomlán a bheas dá mbarr. Is sampla den scoth é seoladh Shlí Cois Abhann d’áis aclaíochta saor in aisce ar feadh na bliana i gcroílár Chathair na Gaillimhe. Comhghairdeas le hOllscoil na Gaillimhe as seoladh na saoráide seo a mbainfidh an pobal an-leas as gan dabht.”

            Dúirt an tOllamh David Burn, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe: “Le seoladh Shlí Cois Abhann, táimid ag neartú ár dtiomantais tacú le folláine choirp agus mheabhrach ár mac léinn, ár bhfoirne agus an phobail i gcoitinne. Is cuid shainiúil dár gcampas Abhainn na Gaillimhe agus is beag ollscoil a bhfuil slí 5km cois abhann mar seo acu. Agus tú ar an tSlí, timpeallaithe ag uisce agus ag crainn, cheapfá gur faoin tuath atá tú, cé nach bhfuil tú ach cúpla nóiméad ó chroílár chathair na Gaillimhe. Is gné neamhchoitianta agus uathúil de shaol an champais í agus táimid ar bís í a roinnt le gach duine.”

            Bhí an méid seo a leanas le rá ag Des Ryan, Stiúrthóir Spóirt agus Folláine Coirp Ollscoil na Gaillimhe: “Cuirfidh sé go mór leis an gcampas do mhic léinn, don fhoireann agus don phobal i gcoitinne. Cuideoidh sé leis an té atá aclaí cheana féin agus gríosfaidh sé an té atá ag smaoineamh ar a bheith níos aclaí. Spreagfaidh sé daoine le siúl, sodar nó rith, agus cabhróidh siad seo go léir lenár bhfolláine choirp agus mheabhrach agus tabharfaidh sé fuinneamh breise dúinn don obair, don saol agus só a bhaint as rudaí.

"I measc na mbuntáistí a bhaineann le gníomhaíocht choirp tá laghdú ar an mbaol a bhaineann le galair ainsealacha, feabhas a chur ar ghiúmar agus ar chaighdeán codlata, agus matáin agus cnámha a láidriú. Cuidíonn sé le meáchan a bhainistiú, leibhéil fuinnimh a mhéadú, feidhm chognaíoch a fheabhsú i measc daoine scothaosta, agus cuidíonn sé le galair cosúil le hairtríteas agus dúlagar a bhainistiú. Tá sé mar aidhm ag an gcosán Slí Cois Abhann gníomhaíocht choirp a bheith níos inrochtana, níos infheicthe agus go mbeadh sé níos éasca ar gach duine tabhairt fúithi.”

Comhthionscadal a bhí anseo idir Oifig na bhFoirgneamh agus na nEastát san Ollscoil agus an tAonad Spóirt, le tacaíocht mhaoinithe ó Chathracha Gníomhacha na Gaillimhe trí Chiste Cuntas Díomhaoin Spórt Éireann agus ó Chathair Shláintiúil na Gaillimhe tríd an gCiste Éire Shláintiúil a fuair tacaíocht ón Roinn Sláinte.

Cuirfidh an cosán nua Slí Cois Abhann leis na háiseanna folláine faoin aer agus le bonneagar na hOllscoile, atá leathnaithe le blianta beaga anuas agus a thacaíonn le breis is 40 club spóirt, grúpaí mac léinn, tionscnaimh foirne agus eagraíochtaí pobail. I measc na n-áiseanna tá:

  • Cúirt cispheile lánmhéide faoin aer
  • Cúirt cispheile 3v3
  • Áiseanna leadóige boird
  • Dhá stáisiún aclaíochta faoin aer
  • An tIonad Spóirt agus Campas Spóirt an Daingin

Tá físeán gearr a léiríonn Slí Siúlóide/Sodair/Reatha nua Cois Abhann ar fáil ag https://www.youtube.com/watch?v=kPtiPieIwME

 

Críoch

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

Next

Featured Stories