Déanann Ollscoil na Gaillimhe ceiliúradh ar chúigear a bhfuil Céim Oinigh le bronnadh orthu

Wednesday, 18 November 2026

Ollscoil na Gaillimhe
Nikhill Sujatha agus Bindu Sree Katari. Creidiúint - Martina Regan

 Tá aitheantas á thabhairt ag Ollscoil na Gaillimhe do chúigear ag searmanas Bronnta Céimeanna an Gheimhridh 2026 as a sárobair agus sáréachtaí i réimsí éagsúla.

Beidh na searmanais ar siúl ón gCéadaoin, an 18 Samhain go dtí Dé Máirt, an 24 Samhain, agus céimeanna le bronnadh ar bhreis agus 3,200 mac léinn chomh leis an gcúigear a bhfuil Céim Oinigh le bronnadh orthu.

Is iad sin:

· Máirín Uí Chonchubhair (Dochtúir le hEolaíocht), luibheolaí, oideoir eolaíochta agus údar

· Niamh Fahey (Dochtúir le Dlíthe), iarpheileadóir de chuid na hÉireann agus Comhordaitheoir Teicniúil le foireann sacair ban Learphoill

· An Ceannasaí Roberta O’Brien (Dochtúir le Dlíthe), an bhean is airde céime i Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann agus an chéad bhean a ceapadh ina captaen ar long

· Lorna Martyn (Dochtúir le hEolaíocht), Ceannasaí Seirbhísí Teicneolaíochta Corparáideacha agus Príomhoifigeach Faisnéise le Fidelity Investments

· Michael Dooley (Dochtúir le Ceol), ceoltóir agus stiúrthóir

Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn: “Is mór an onóir é d’Ollscoil na Gaillimhe aitheantas a thabhairt do chúigear eisceachtúil a raibh tionchar nach beag acu ina réimsí féin. Tá ceannaireacht, tallann, tiomantas agus cruthaitheacht den scoth léirithe acu agus tá a gcion féin déanta ag gach duine acu don tsochaí.

“Tréimhse speisialta dár bpobal Ollscoile a bhíonn i gceist leis na searmanais bhronnta agus muid ag déanamh ceiliúradh ar éachtaí ár gcéimithe chomh maith leo siúd a bhfuil Céim Oinigh le bronnadh orthu. Ba mhaith liom tréaslú le gach duine dár gcéimithe agus leo siúd a bhfuil Céim Oinigh le bronnadh orthu, agus guím gach rath orthu sa todhchaí.”

Tá sceideal iomlán shearmanais bhronnta an gheimhridh 2026 le fáil ag https://www.universityofgalway.ie/conferring/

Críoch

Keywords: Press.

Author: Oifig Margaíócht agus Cumarsáid, NUI Galway
« Back


Featured Stories