Ollscoil na Gaillimhe ag ceiliúradh agus beagnach 2,800 duine ag fáil a gcéime ag na searmanais bhronnta

Thursday, 15 October 2026

Ollscoil na Gaillimhe
Martin Culleton, Scott Milne agus Cathal Kelly - Grianghraif le: Aengus McMahon

Déanann Ollscoil na Gaillimhe ceiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag beagnach 2,800 céimí agus tús á chur inniu le searmanais bhronnta an fhómhair.

Tá fáilte á chur roimh na mílte céimí, a muintir agus a gcairde ar an gcampas agus na searmanais ag tosú inniu agus ag leanúint go dtí Dé Máirt, an 20 Deireadh Fómhair, agus arís Dé hAoine, an 23 Deireadh Fómhair.

Bronnfar céimeanna Baitsiléara, Máistreachta agus PhD ar chéimithe ó cheithre Choláiste na hOllscoile.

Dúirt an tOllamh David Burn, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe: “Is mór an pléisiúr an lá mór seo a cheiliúradh in éineacht lenár gcéimithe agus a dteaghlaigh agus a gcairde. Is é lá bronnta na céime an toradh ar bhlianta d’obair chrua, dúthracht agus tiomantas, agus tréaslaím le gach duine acu as a bhfuil bainte amach acu.

“Is ionann na céimithe seo agus an chéad ghlúin eile de ghairmithe, taighdeoirí, ceannairí agus gníomhaithe athraithe agus táimid ag tnúth leis an gcion tairbhe a dhéanfaidh siad a fheiceáil sna blianta romhainn. Guím gach rath orthu agus iad ag cur tús leis an gcéad chaibidil eile dá saoil.”

Tá sceideal iomlán shearmanais bhronnta an fhómhair 2026 le fáil ag https://www.universityofgalway.ie/conferring/guide/autumn-conferring/

Críoch

Keywords: Press.

Author: Margaíocht agus Cumarsáid, NUI Galway
« Back


Featured Stories