Próiseas na Pleanála Teanga I

LT116

Duration

12 Seachtain

Next start date

Meán Fómhair 2025

NFQ

Level 9

ECTS

5 Credits

Mode of Study

Blended Learning

Apply By

Aug 22, 2025, 5PM

Fee

€700

Overview

Is é aidhm an mhodúil seo go mbeadh tuiscint ag an mac léinn ar an bpleanáil teanga, mar choincheap, agus ar an bpróiseas a bhaineann léi mar chleachtas agus mar ghníomh feidhmeach. Caithfear solas ar na díospóireachtaí iomadúla a bhaineann le sainiú na pleanála teanga agus ar an nasc atá idir í agus an beartas teanga (Spolsky, 2004; Ricento, 2006, 2019). Déanfar scagadh ar na réimsí éagsúla den phleanáil teanga – an phleanáil chorpais, an phleanáil stádais agus an phleanáil sealbhaithe – agus déanfar iniúchadh ar an gcaidreamh atá idir na réimsí sin agus próiseas na pleanála teanga féin. Chuige sin, breathnófar ar stair agus ar fhorás na pleanála teanga in Éirinn ó bhunú an tSaorstáit anuas go dtí na 1990idí. Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.

Entry Requirements

  • Bunchéim ag leibhéal 8
  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois.  
  • Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.

What you will Learn

Torthaí an Chúrsa
Nuair a bheidh an cúrsa micridhintiúr seo déanta agat, gheobhaidh tú creidiúintí de réir an Chórais Eorpaigh Aistrithe Creidiúna. Tugann an institiúid bhronnta aitheantas do na creidiúintí seo mar chreidiúintí atá ag teacht le cúrsaí foghlama a chuirtear i gcrích ag leibhéal iarchéime 9.

Measúnuithe

  • Department-based Assessment (100%)

Contact

If you have any questions about this course, please contact:

Micro-Credentials Team,
University of Galway

Email: Micro-Credentials

How to Apply

Ón 1 Bealtaine 2025, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne. 

Learn more about our application process.

Apply here: Online Application Portal

Agus d’iarratas á líonadh agat, déan cinnte de go roghnóidh tú na catagóirí seo a leanas:

College/Interest Type: Arts & Social Science

Academic Programme: Select your micro-credential from the drop-down list 

Academic Term: Select the academic term Autumn 2025 (Semester 1) or Spring 2026 (Semester2) 

On Page 2 of the application for please select the following Course Instance: Arts & Social Science micro-credentials CPC17