MFA Leagan Gaeilge

A student looking at a computer

A Chara,

Tá ríméad orainn gur ghlac tú leis an tairiscint a fuair tú le teacht ag staidéar anseo agus is fada linn go gcasfaimid leat! Tugtar eolas duit sa ríomhphost seo faoin gcéad rud eile atá le déanamh agat, is é sin do Chuntas Campais a ghníomhachtú.

Is trí do Chuntas Campais ollscoile a gheobhaidh tú rochtain ar gach seirbhís IT, cosúil leis an gcóras ríomhphoist, Microsoft 365, WiFi agus acmhainní Leabharlainne ar líne. Ní mór duit do Chuntas Campais Ollscoil na Gaillimhe a ghníomhachtú sula bhféadfaidh tú clárú ar do chúrsa.

An image of a 3 step process

 

Banner

Is beart slándála é Fíordheimhniú Ilfhachtóra (MFA) a chinntíonn nach mbeidh fáil ag aon úsáideoir ar do Chuntas Campais Ollscoil na Gaillimhe ach amháin tú féin. Beidh an dara fachtóir ag teastáil uait (e.g. d’fhón póca) chun fíorú breise a sholáthar agus tú ag logáil isteach. Tá treoir mhionsonraithe faoin gcaoi MFA a ghníomhachtú ar fáil ar an leathanach gréasáin seo.

Cliceáil anseo chun MFA a ghníomhachtú leis na dintiúir thíos

Ainm Úsáideora: Féach ar an ríomhphost bunaidh.

Pasfhocal: Féach ar an ríomhphost bunaidh chun do phasfhocal uathúil a fháil.

A group of students looking at laptops

Ní mór duit clárú ar do chúrsa gach bliain. Seolfar ríomhphost ar leith ina mbeidh treoracha maidir le clárú chuig do sheoladh ríomhphoist Ollscoil na Gaillimhe go gairid sula n-osclóidh do thréimhse clárúcháin. Tá an sceideal iomlán ar fáil ar Dhátaí Clárúcháin Ollscoil na Gaillimhe.

Is é xxxxxx d’uimhir aitheantais nua. Beidh sí ag teastáil uait chun clárú.

Bainfimid úsáid as do sheoladh ríomhphoist Ollscoil na Gaillimhe nua as seo amach mar an príomhbhealach teagmhála leat; bí cinnte, mar sin, go ndéanann tú seiceáil rialta air.


A maroon banner

Má tá aon fhadhb agat maidir le do Chuntas Campais Ollscoil na Gaillimhe a ghníomhachtú, nó le do MFA nó do phasfhocal, is féidir leat dul chuig Deasc Freastail na Leabharlainne & IT i bhforhalla Leabharlann Shéamais Uí Argadáin nó teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Freastail IT thíos trí rphost a sheoladh chuig:  

ISS Service Desk Contact Details Footer

Táimid ag súil le fáilte a chur romhat go gairid ar an gcampas mar mhac léinn de chuid Ollscoil na Gaillimhe!

Le dea-ghuí

Ollscoil na Gaillimhe